The Ireland 2016 Centenary Programme

THE IRELAND 2016 CENTENARY PROGRAMME
is built on Seven Programme Strands which, taken together, reflect the themes of Remembering, Reconciling, Presenting, Imagining and Celebrating. The programme will continue to grow and develop over the coming months. To see the updated programme, other county programmes and the national programme for 2016, please visit www.ireland.ie

TÁ ÉIRE 2016: CLÁR COMÓRTHA CÉAD BLIAIN
bunaithe ar Sheacht Snáithe an Chláir, agus nuair a thógtar iad sin i dteannta a chéile, léiríonn siad na téamaí Cuimhneamh, Athmhuintearas, Cur i Láthair, Samhlú agus Ceiliúradh. Leanfar ar aghaidh le fás agus forbairt na gclár sna míonna amach romhainn. Leis an gclár nuashonraithe a fheiceáil, chomh maith le cláir chontaetha eile agus an clár náisiúnta le haghaidh 2016, téigh chuig www.ireland.ie


Formal commemorative events, focused on remembering and honouring those who took part in the Easter Rising, and especially those who gave their lives.

Beidh imeachtaí foirmiúla comóraidh ann a bheidh dírithe ar na daoine a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, go háirithe iad siúd a thug a mbeatha lena linn, a thabhairt chun cuimhne agus a onórú.


A range of history-based activities and initiatives, designed to deepen and broaden our understanding of the events of 1916 and that pivotal period in our history.

Beidh réimse gníomhaíochtaí agus tionscnamh staire ann a cheapfar chun ár dtuiscint ar imeachtaí 1916 agus an tréimhse ríthábhachtach sin inár stair a dhoimhniú agus a leathnú.


Reflecting on the central place of the Irish language in the ideals of the Revolutionary Generation and celebrating the language through a diverse programme of events

Cuirfear clár ilghnéitheach imeachtaí ar siúl mar léiriú ar áit lárnach na Gaeilge in idéil na glúine réabhlóidí agus chun an teanga a cheiliúradh.


Placing children and young people at the centre of the Ireland 2016 Centenary Programme and integrating historical exploration with a range of imaginative activities.

Cuirfear leanaí agus daoine óga i gcroílár Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain agus déanfar iniúchadh ar cheisteanna staire a chomhtháthú le réimse gníomhaíochtaí samhlaíocha


Working with our creative community and arts organisations to reflect on our past, our present and our future, with a focus on 1916.

Oibriú lenár bpobal cruthaitheach agus eagraíochtaí ealaíon chun machnamh a dhéanamh ar an am atá thart in Éirinn, ar an saol atá ann faoi láthair agus ar a bhfuil i ndán dúinn amach anseo, agus béim faoi leith ar chuimhneachán 1916.


Encouraging widespread citizen engagement in 1916 related events, involving the broadest possible community and voluntary sector participation in towns and villages throughout the country.

Saoránaigh a spreagadh le páirt a ghlacadh in imeachtaí a bhainfidh le 1916, sa chaoi is go mbeidh an rannpháirtíocht is mó is féidir ag na hearnálacha deonacha agus pobail i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre.


Inviting the global Irish family and friends of Ireland from all over the world to join us in remembering, reflecting and re-imagining.

Cuireadh a thabhairt do chlanna Gael ó gach cearn den domhan agus do chairde na hÉireann a bheith linn agus muid ag cuimhneamh, ag déanamh machnaimh agus ag athshamhlú.

The Ireland 2016 Centenary Programme